找歌词就来最浮云

《Cill Chais(Lament for Cill Chais)》歌词

所属专辑: Irish Childhood Songs 歌手: Na Casaidigh 时长: 04:53
Cill Chais(Lament for Cill Chais)

[00:00:00] Cill Chais (Lament For Cill Chais) - Na Casaidigh (The Cassidys)

[00:00:19] Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad

[00:00:23] Tá deireadh na gcoillte ar lár

[00:00:28] Níl trácht ar chill chais ná a teaghlach

[00:00:32] 'S ní chluinfear a cling go brách

[00:00:37] An áit úd 'na gcónaíodh an dei-bhean

[00:00:42] Fuair gradam is meidhir thar mnáibh

[00:00:46] Bhíodh iarlaí ag tarraingt thar toinn ann

[00:00:51] 'S an t-aifreann binn dá rá

[00:00:55] Ní chluinim fuaim lachan ná gé ann

[00:01:00] Ná iolar ag éamh cois cuain

[00:01:05] Ná fiú na mbeacha chun saothair

[00:01:10] Thabharfadh mil agus céir don tslua

[00:01:15] Níl ceol binn milis na n-éan ann

[00:01:19] Le hamharc an lae dul uainn

[00:01:24] Ná an chuaichín i mbarra na gcraobh ann

[00:01:28] Ó's í chuirfeadh an saol chun suain

[00:01:33] Tá ceo ag titim ar chraobh ann

[00:01:38] Ná glanann le greín ná lá

[00:01:42] Tá smúit ag titim ón spéir ann

[00:01:47] 'S a cuid uisce go léir ag trá

[00:01:52] Níl coll níl cuileann níl caor ann

[00:01:56] Ach clocha 'gus maolchlochán

[00:02:01] Páirc na foraoise gan chraobh ann

[00:02:06] Is d'imigh an géi'm chun fáin

[00:02:27] Anois mar bharr ar gach míghreann

[00:02:31] Chuaigh prionsa na ngael thar sáil

[00:02:36] Anonn le hainnir na míne

[00:02:41] 'Fuair gradam sa fhrainc 's sa spáinn

[00:02:45] Anois tá a chuallacht dá caoineadh

[00:02:50] D'fhaigheadh airgead buí agus bán

[00:02:54] 'S í nach dtógfadh seilbh na ndaoine

[00:02:59] 'S í cara na bhfíorbhochtán

[00:03:04] Aicim ar mhuire 's ar íosa

[00:03:08] Go dtaga sí arís chughainn slán

[00:03:13] Go mbeidh rincí fada 'gabháil timpeall

[00:03:18] Ceol fidil 's tinte cnámh

[00:03:22] Go dtógfar an baile seo ár sinsear

[00:03:27] Cill chais bhreá arís go hard

[00:03:32] Is go brách nó go dtiocfaidh and díle

[00:03:36] Ná feicfear é arís ar lár